27 Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: “Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.”
28 Tháinig duine de na sagairt a díbríodh ón tSamáir chun cónaí i mBéitéil dá bhrí sin, agus mhúin sé dóibh conas an Tiarna a adhradh.
29 Ach rinne gach cine a íola féin, agus chuir iad i scrínte na n‑ardionad a bhí déanta ag na Samáraigh; rinne gach cine é sin sna cathracha inar lonnaíodar.
30 Rinne muintir na Bablóine Sucót Banót, muintir Chút Néargál, muintir Hamát Aisímeá,
31 muintir Avá Nibcheaz agus Tartác; agus rinne muintir Shafarvaím a gclann a dhó in onóir Adraimeilic agus Anaimeilic, déithe Shafarvaím.
32 Ach thug siad ómós don Tiarna chomh maith, agus cheap siad sagairt as a muintir féin do na hardionaid le híobairtí a dhéanamh ar a son i scrínte na n‑ardionad.
33 Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad.