38 agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha
39 ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
40 Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint.
41 Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu - tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.