1 Sa tríú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Hiziciá mac Áchaz rí Iúdá i gcoróin.
2 Bhí sé cúig bliana fichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibí iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.
3 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.
4 Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
5 As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe.