18 Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.
19 Dúirt an príomhchornaire leo: “Abair le Hiziciá: ‘Mar seo a deir an rí mór, rí na hAsaíre: Cad as a bhfuil an mhuinín seo go léir agat?
20 An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i m'aghaidh?
21 Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi - mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air.
22 B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?
23 Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.
24 Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d'eachra agus do charbaid?