2 Bhí sé cúig bliana fichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibí iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.
3 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.
4 Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
5 As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe.
6 Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n‑aitheanta a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
7 Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.
8 Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.