31 Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,
32 nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.
33 A ndearna aon dia d'aon chine a thír a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre?
34 Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim?
35 Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d'fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”
36 Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: “Na tugaigí freagra air!”
37 Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.