7 Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.
8 Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.
9 Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.
10 Ghabh sé í tar éis trí bliana. Gabhadh an tSamáir sa séú bliain de réimeas Hiziciá, an naoú bliain de réimeas Hóiséa rí Iosrael.
11 Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
12 Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.
13 Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d'ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad.