1 Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna.
2 Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.
3 Dúirt siad leis: “Mar seo a deir Hiziciá: ‘Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol.
4 Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”
5 Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia,