17 “Is fíor, a Thiarna, gur dhíothaigh ríthe na hAsaíre na náisiúin (agus a dtíortha).
18 Chaith siad a ndéithe isteach sa tine, mar nár dhéithe ar bith iad sin, ach saothar lámh daonna, déanta as adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin scriosadh iad.
19 Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”
20 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz scéala chuig Hiziciá. Dúirt sé: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Chuala mé an achainí a rinne tú orm faoi Shanaichéiríb rí na hAsaíre.’
21 Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de:‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thúan ógh, iníon Shión;croitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.
22 Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne?Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidhAgus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl?Aon Naofa Iosrael!
23 Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí;dúirt tú: Le mo shluaite carbadghabh mé suas ar bheanna na sléibhte,ar bheanna buaice na Liobáine.Ghearr mé anuas na céadair is airde ann,tógha a chufróg.Ghabh mé isteach ina ascaillí cúilagus i ndoimhne a fhoraoise.