20 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz scéala chuig Hiziciá. Dúirt sé: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Chuala mé an achainí a rinne tú orm faoi Shanaichéiríb rí na hAsaíre.’
21 Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de:‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thúan ógh, iníon Shión;croitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.
22 Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne?Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidhAgus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl?Aon Naofa Iosrael!
23 Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí;dúirt tú: Le mo shluaite carbadghabh mé suas ar bheanna na sléibhte,ar bheanna buaice na Liobáine.Ghearr mé anuas na céadair is airde ann,tógha a chufróg.Ghabh mé isteach ina ascaillí cúilagus i ndoimhne a fhoraoise.
24 Thochail mé toibreachaagus d'ól mé uiscí coigríocha.Thiormaigh sruthanna na hÉigiptefaoi thrácht mo chos.
25 Ar chuala tú?Fadó a chinn mé airagus bheartaigh mé ó na ciantaa bhfuil á chur i gcrích anois agam.Ba é do ghnó na cathracha daingnea leagan ar lár ina bhfothracha.
26 Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart,faoi uafás agus faoi mhearbhall.Is cuma iad nó lusra an bháin,nó féar leochaileach,nó féar ar dhíon tí nó i móinéará shuaitheadh [ag an ngaoth anoir].