28 De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne,agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair,cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón,agus mo bhéalbhach i do bhéal,agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar aisar an mbóthar ar ar tháinig tú.
29 Agus beidh sé seo mar chomhartha agat:i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin,agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán.Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain,saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
30 An t‑iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá,cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas.
31 Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéimagus fuíoll áir ó Chnoc Shíón.Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’
32 “Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre:‘Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo,Ná ní scaoilfidh sé saighead léi,Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath,Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh.
33 Fillfidh sé an bealach a tháinig,ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.
34 Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt,ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”