31 Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéimagus fuíoll áir ó Chnoc Shíón.Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’
32 “Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre:‘Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo,Ná ní scaoilfidh sé saighead léi,Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath,Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh.
33 Fillfidh sé an bealach a tháinig,ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.
34 Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt,ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”
35 An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.
36 Scor Sanaichéiríb a champa agus d'imigh; d'fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé.
37 Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air.