6 d'fhreagair seisean: “Abraigí le bhur máistir: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom.
7 Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
8 D'fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís.
9 Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.”Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá:
10 “Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre.
11 Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán?
12 Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár - ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir?