17 Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: “Cuirigí.” Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil.
18 Ansin thángadar ar ais go hEilíseá a d'fhan in Ireachó agus dúirt sé leo: “Nár dhúirt mé libh gan dul?”
19 Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: “Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t‑uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.”
20 “Tugaigí crúiscín nua chugam,” ar sé, “agus cuirigí roinnt salainn ann.” Thugadar chuige é.
21 Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”
22 D'éirigh an t‑uisce folláin agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu mar a dúirt Eilíseá a bheadh.
23 Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!”