7 Bhí caoga duine de bhráithreachas na bhfáithe á leanúint, agus stad siad tamall maith uathu nuair a sheas an bheirt acu cois na Iordáine.
8 Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.
9 Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” D'fhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”
10 “Is deacair d'iarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d'iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.”
11 Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
12 Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: “A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!” Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad.
13 Thóg sé suas fallaing Éilias a thit uaidh, chuaigh ar ais agus sheas ar bhruach na Iordáine.