1 Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuir eagar ar do chúraimí, mar gheobhaidh tú bás gan téarnamh.’ ”
2 D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:
3 “Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
4 Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:
5 “Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.