2 D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:
3 “Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
4 Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:
5 “Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.
6 Tabharfaidh mé cúig bliana déag d'fhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.’ ”
7 Dúirt Íseáia: “Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.”
8 Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?”