8 Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?”
9 “Seo é an comhartha ón Tiarna,” arsa Íseáia, “go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?”
10 “Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,” arsa Hiziciá; “téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.”
11 Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz.
12 San am sin chuir Marodac Baladán mac Bhaladán rí na Bablóine teachtairí le litreacha agus bronntanas go Hiziciá mar gur chuala sé faoina thinneas [agus faoina leigheas].
13 Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t‑airgead, an t‑ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh.
14 Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” D'fhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.”