1 Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair.
2 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
3 Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.
4 Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm.”