17 An chuid eile de stair Mhanaise, a imeachtaí go léir, na coireanna a rinne sé, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
18 Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.
19 Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair.
20 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair.
21 Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh.
22 Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna.
23 Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás.