9 Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.
10 Ansin labhair an Tiarna ó bhéal a shearbhóntaí na fáithe:
11 “Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,
12 seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: ‘Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi.
13 Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.
14 Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,
15 mar rinne siad an t‑olc i m'fhianaise agus d'adhain siad m'fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.’ ”