1 Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair.
2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
3 San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.
4 “Téigh go Hilcíá, an t‑ardsagart,” ar sé leis, “agus abair leis an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].
5 Tugtar ansin é do shaoistí na n‑oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,