2 Ríthe 22:14-20 ABN

14 Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.

15 D'fhreagair sí iad: “Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: ‘Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:

16 Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;

17 mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.

18 Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala sibh.

19 Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d'éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.

20 Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.’ ” Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.