4 “Téigh go Hilcíá, an t‑ardsagart,” ar sé leis, “agus abair leis an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].
5 Tugtar ansin é do shaoistí na n‑oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,
6 ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.
7 Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.”
8 Dúirt Hilcíá, an t‑ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.” Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.
9 Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d'aithris sé dó: “Rinne do shearbhóntaí,” ar seisean, “an t‑airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.”
10 Ansin d'inis Seáfán, an rúnaí, don rí: “Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,” agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é.