2 Ríthe 23:16-22 ABN

16 Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.

17 “Cén leacht é sin thall os mo chomhair?” ar sé. D'fhreagair muintir na cathrach é: “Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).”

18 “Ligigí dó,” arsa an rí, “agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.” Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir.

19 Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.

20 Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.

21 Thug an rí an t‑ordú seo don phobal go léir: “Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.”

22 Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.