12 D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.
13 Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin.
14 Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na smóladáin, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'úsaidtí i seirbhís an Teampaill,
15 na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.
16 Maidir leis an dá cholún, an t‑aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas.
17 Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.
18 Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.