16 Maidir leis an dá cholún, an t‑aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas.
17 Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.
18 Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.
19 Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, cúigear de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm, a bhí i bhfeighil arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.
20 Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.
21 Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.
22 Agus maidir leis an muintir a d'fhan i dtír Iúdá, a d'fhág Nabúcadnazar rí na Bablóine ina dhiaidh, cheap sé Gadailiá mac Aichíceám mac Sheáfán mar rialtóir orthu.