26 Ansin chuir an dream go léir, idir bheag agus mhór, agus ceannairí na ndíormaí, chun bóthair chun na hÉigipte le heagla roimh na Caildéigh.
27 Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é.
28 Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.
29 Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.
30 Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, fad a mhair sé.