1 Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim.
2 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí.
3 Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.
4 Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin.
5 Nuair a fuair Acháb bás, rinne rí Mhóáb ceannairc in aghaidh rí Iosrael.