2 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí.
3 Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.
4 Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin.
5 Nuair a fuair Acháb bás, rinne rí Mhóáb ceannairc in aghaidh rí Iosrael.
6 Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir.
7 Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”
8 Ansin d'fiafraigh sé: “Cén bealach a ghabhfaimid?” D'fhreagair Iahórám: “Trí fhásach Eadóm.”