12 Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.” Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair.
13 Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach d'fhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.”
14 “Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d'fhiafraigh sé. D'freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.”
15 Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras.
16 “Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”
17 Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
18 Nuair a bhí an leanbh fásta chuaigh sé amach lá chuig a athair a bhí in éineacht leis na buanaithe.