2 Dúirt Eilíseá léi: “Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?” “Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,” d'fhreagair sí.
3 Ansin dúirt sé léi: “Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh.
4 Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.”
5 D'imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.
6 Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: “Sín chugam crúsca eile.” “Níl ceann eile ann,” ar sé léi. Ansin stad an ola.
7 D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé:“Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
8 Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.