20 Thóg seisean suas é agus d'iompair chuig a mháthair é. Bhí an gasúr ar a glúine aici go meán lae agus fuair sé bás ansin.
21 Chuaigh sí in airde staighre agus d'fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d'imigh amach.
22 Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.”
23 “Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”
24 Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”
25 Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: “Féach, seo chugainn ár Siúnaemach!
26 Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: ‘An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d'fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?’ ” D'fhreagair sí: “Tá.”