39 Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad.
40 Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: “A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,” agus níorbh fhéidir leo é a ithe.
41 “Tugaigí min dom más ea,” arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: “Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.” Agus ní raibh aon nimh sa choire.
42 Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.
43 D'fhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’ ”
44 Roinn sé orthu é. D'ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.