2 Ríthe 5:11-17 ABN

11 Tháinig fearg ar Námán agus d'imigh sé leis á rá: “Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas.

12 Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile.

13 Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: “A athair, dá n‑iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: ‘Nigh thú féin agus beidh tú glan’?”

14 Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.

15 Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”

16 Ach d'fhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh.

17 Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d'aon dia ach don Tiarna.