15 Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”
16 Ach d'fhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh.
17 Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d'aon dia ach don Tiarna.
18 Ach aon ní amháin - agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é - nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.”
19 D'fhreagair sé: “Imigh faoi shíocháin!”Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag,
20 dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”
21 D'imigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: “An bhfuil gach ní ina cheart?”