2 Ríthe 5:21-27 ABN

21 D'imigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: “An bhfuil gach ní ina cheart?”

22 Agus d'fhreagair seisean: “Tá gach ní ina cheart. Chuir mo mháistir chugat mé lena rá: ‘Tháinig beirt ógánach de bhráithreachas na bhfáithe chugam anois díreach ó ardáin Eafráim; tabhair dóibh tallann airgid, le do thoil (agus dhá éide aonaigh).’ ”

23 “Tóg dhá thallann, le do thoil (agus dhá éide aonaigh),” a d'fhreagair Námán, agus bhí á dtathant air, agus cheangail sé dhá thallann airgid i dhá mhála (le dhá éide aonaigh) agus leag iad ar bheirt dá shearbhóntaí a d'iompair iad roimh Géichizí.

24 Nuair a shroich sé Oifil, thóg sé uathu iad agus chuir i leataobh ina theach iad. Ansin lig sé na fir chun siúil agus d'imíodar.

25 D'imigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: “Cá raibh tú, a Ghéichizí?” D'fhreagair seisean: “Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.”

26 Ach dúirt Eilíseá leis: “Nach raibh mé ansiúd ó chroí nuair a d'fhág duine éigin a charbad le bualadh leat? [Os rud é gur] ghlac tú an t‑airgead, ní miste duit anois garraithe a [cheannach leis], agus gairdíní ológ, agus caoirigh, agus eallach, agus daoráin agus daoirseacha.

27 Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.