4 Ansin chuaigh Námán chun a thiarna, agus dúirt leis: “Dúirt an cailín ó thír Iosrael a leithéid seo agus a leithéid siúd.”
5 Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.
6 Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: “Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.”
7 Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”
8 Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”
9 Dá bhrí sin tháinig Námán lena chapaill agus lena charbad agus stad sé ag doras theach Eilíseá.
10 Chuir Eilíseá teachtaire chuige á rá: “Imigh leat agus nigh thú féin seacht n‑uaire sa Iordáin; agus cneasóidh do chorp agus beidh tú glan athuair.”