1 Dúirt bráithreachas na bhfáithe le hEilíseá: “Féach, tá an áit ina bhfuil cónaí orainn taobh leat róchúng dúinn.
2 Téimis chun na Iordáine, agus gearradh gach duine againn sail ann agus déanaimis áit chónaithe dúinn féin ann.” D'fhreagair sé: “Téigí!”
3 Ansin dúirt duine díobh: “Ar mhiste leat dul le do shearbhóntaí?” “Rachaidh mé,” ar sé,
4 agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn
5 ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”