11 Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”
12 “Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”
13 “Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,” arsa an rí, “i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.” Agus fuair sé scéala: “Tá sé anois i nDotán.”
14 Chuir sé capaill agus carbaid agus slua mór ansiúd uaidh agus thángadar i gcoim na hoíche agus thimpeallaíodar an chathair.
15 Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. B'shiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. “Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?” arsa a shearbhónta.
16 D'fhreagair sé: “Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.”
17 Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” D'oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.