20 Ach a rabhadar tagtha isteach sa tSamáir dúirt Eilíseá: “A Thiarna, oscail súile an dreama seo i dtreo go mbeidh radharc acu.” Agus d'oscail an Tiarna a súile agus bhí radharc acu, agus ba shiúd i lár na Samáire iad.
21 Nuair a chonaic rí Iosrael iad, dúirt sé le hEilíseá: “An gcuirfidh mé chun báis iad, an gcuirfidh mé, a athair liom?”
22 D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”
23 Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.
24 Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.
25 Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.
26 Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”