22 D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”
23 Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.
24 Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.
25 Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.
26 Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”
27 “Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?”
28 Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’