3 Ansin dúirt duine díobh: “Ar mhiste leat dul le do shearbhóntaí?” “Rachaidh mé,” ar sé,
4 agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn
5 ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”
6 “Cár thit sé?” d'fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.
7 “Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.
8 Bhí rí Arám i gcogadh le hIosrael. Chuaigh sé i gcomhairle lena oifigigh agus dúirt: “Déanaigí [ionsaí] ina leithéid seo d'áit.”
9 Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: “Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.”