2 Ríthe 7:10-16 ABN

10 D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”

11 Scaip gardaí na ngeataí an dea-scéala de liú, agus fógraíodh laistigh den phálás é.

12 D'éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: “Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d'fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: ‘Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.’ ”

13 D'fhreagair duine dá fheidhmeannaigh, “Tógtar cúig cinn de na capaill atá fágtha fós againn - gheobhadh an dream atá fágtha anseo bás chomh maith ar aon dul leis an slua mór eile d'Iosrael a fuair bás cheana féin - agus cuirimis dream ar aghaidh leo agus feicidís.”

14 Thógadar dhá chuingir carbaid agus chuir an rí i ndiaidh sluaite Arám iad á rá: “Téigí agus feicigí.”

15 Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.

16 Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.