2 Ríthe 7:2-8 ABN

2 Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”

3 Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata - mar lobhair ab ea iad - agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás?

4 Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.”

5 Le titim na hoíche mar sin d'éiríodar agus chuireadar chun bóthair i dtreo longfort na nArámach; ach nuair a thángadar go himeall an champa ní raibh caonaí ann.

6 Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”

7 D'éalaíodar leo dá bhrí sin le titim na hoíche agus theitheadar agus d'fhágadar ansin a mbothanna, a gcapaill, agus a n‑asail; d'fhágadar an longfort díreach mar a bhí sé agus theitheadar lena n‑anam.

8 Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d'imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d'fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d'imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach.