14 D'fhág sé slán ag Eilíseá agus d'fhill ar a mháistir, agus d'fhiafraigh seisean de: “Cad dúirt Eilíseá?” D'fhreagair sé: “D'inis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.”
15 Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit.
16 Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin.
17 Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé ocht mbliana ina rí in Iarúsailéim.
18 Lean sé sampla ríthe Iosrael, mar a rinne teaghlach Acháb, mar ba iníon le hAcháb a bhí aige mar bhean. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
19 Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].
20 Lena linn rinne Eadóm ceannairc ó cheannas Iúdá, agus cheapadar rí dá gcuid féin.