22 Tá cuing Iúdá caite díobh ag Eadóm ar an gcuma sin go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc an t‑am sin chomh maith.
23 An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
24 Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.
25 Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá.
26 Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.
27 Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.
28 Ghabh sé amach le Iórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám i Rámot Gileád, ach ghoin na hArámaigh Iórám.