25 Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá.
26 Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.
27 Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.
28 Ghabh sé amach le Iórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám i Rámot Gileád, ach ghoin na hArámaigh Iórám.
29 D'fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.