2 Ríthe 8:4-10 ABN

4 Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.”

5 Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”

6 Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.”

7 Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”

8 Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”

9 D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

10 D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.”