1 Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.
2 Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.
3 Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.”
4 Chuir an t‑ógánach, an fáidh, chun bóthair go Rámot Gileád,
5 agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé.